ARSA ANGOLO AG TEACHT GO BLOC TG4

Táimid ar bís.

Cuirfear tús le sraith ghrinn nua dár teideal ARSA ANGOLO leis an bhfuirseoir Martin Angolo ar ardán TG4 ar an Déardaoin. Seo an chéad sraith ghrinn ar líne atá déanta ag TG4 riamh!
Sraith fhéinchabhrach atá ann (RABHADH níl aon maitheas le comhairle Martin) má tá cabhair uait agus má tá ag teipeadh ort sa saol tá Martin ann le cuidiú leat. Ar an gclár seo taispeánfaidh sé dúinn ar fad conas ar féidir linn a bheith “ag buachan” gach uile lá! Ag lorg grá nó ag iarraidh bheith i do réalt Snapchat nó Bebo? Fadbh ar bith, éist le Martin agus beidh gach rud togha.
Leanaigí ár Facebook anseo le tuilleadh eolais.