CASTING CALL OUT: ADVENTURE TIME

Tá Macalla ag lorg aisteoirí le Gaeilge láidir le tabhairt faoi rólanna i gcartún d’arb ainm Adventure Time do Cúla4. Is iad na rólanna ná: Finn, le guth buachaill óg, 12 bhliain d’aois** (**oscailte do pháistí don ról seo) Jake, 20idí/30idí, le guth fear Princess Bubblegum, bean óg, 18 bhliain d’aois Ice King, guth fear, 30idí/40idí Lumpy Space Princess, bean óg le guth fear, 20idí Marceline the Vampire Queen, bean óg, 18-20idí Is féidir samplaí gutha a sheoladh chugainn ag macallateo@gmail.com le ‘Adventure Time’ i líne an ábhair. Scaipaigí an scéal!

Bleaist Eolaíochta 2019 le COGG

Ghlac beagnach 30 Gaelscoil agus Scoil Ghaeltachta páirt i mBleaist Eolaíochta san RDS i mbliana. Chuamar thíos in éineacht le COGG (An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), chun labhairt leo faoina gcuid tionscadail, agus an paisean láidir atá acu don eolaíocht. Comhghairdeachas le gach duine a bhí páirteach sa Bhleaist Eolaíochta i mbliana! Bleaist Eolaíochta san RDS 2019 – COGG from COGG on Vimeo.

Taispeántais An Saothraí & Amhrán na Mara i rith Seachtain na Gaeilge 2019

Dea-nuacht againn do mhúinteoirí agus ranganna scoile! Beidh roinnt pictiúrlainne ag cuir na scannáin An Saothraí (The Breadwinner) agus Amhrán na Mara (Song of the Sea) ar fáil do ghrúpaí scoile i rith Seachtain na Gaeilge 2019. Is féidir dul i dteagmháil leo chun taispeántas a chuir in áirithe do ranganna scoile, le linn na gnáth-uaireanta scoile, idir 1ú agus 17ú Márta. Movies @ Dundrum: 01 291 6805 Movies @ Swords: 01 870 3600 Movies @ Gorey: 053 948 9570 SGC Dungarvan: 058 45796 Chuaigh Scoil Lorcáin chun Amhrán na Mara a fheiscint ag Movies @ Dundrum – seo céard a cheap siad faoi!