|
 |
|
 |
 |
| Léiriúcháin | Dubáil Chartún | |
| SRAITH TEILIFÍSE rogha
|
|
| |
|
| SpongeBob SquarePants |
Go domhain faoi bhun an Aigéin Chiúin i gcathair Bikini Bottom tá cónaí ar spúinse cearnógach buí darbh ainm SpongeBob SquarePants. Cónaíonn SpongeBob in anann béal dorais lena chrosógchara, Patrick Star. Ina chócaire dó, oibríonn SpongeBob i dteannta Squidward Tentacles do Mr. Krabs sa Krusty Krab áit a dhéanann sé an
Krabby Bhurgar rí-bhlasta.
Is sárshraith agus rogha lucht féachana TG4 í.
Beidh 141 eipeasóid dubáilte againn faoi dheireadh 2011. |
|
 |
| The Muppet Show |
Le Kermit the Frog, Miss Piggy, Gonzo, Fozzy Bear agus mire-shlua áiféiseach de charachtair Mhuipéadach eile (tá a rogha féin ag gach éinne), léirigh Jim Henson agus a fhoireann The Muppet Show ó 1976 go 1981.
Toisc gur tógadh sinn le The Muppet Show ba gheall le filleadh ar ár n-óige é nuair a cuireadh ceist orainn athghuthú a dhéanamh air. Bhí ó gach éinne guth an charachtair is ansa leo a dhéanamh. Ní iomaíocht go dtí é! Rug ár leagan den seó gach a bhí go hiontach faoin mbunchlár leis chomh maith le bior nó dhó a chur i dtreo Éire na linne seo! |
|
 |
| Whats New Scooby Doo? |
Is é seo an naoú n-ionchollú den tsraith iomráiteach fadsaolach Scooby-Doo, Where Are You! Mar a bhí leis an tsraith bhunaidh, mistéir-réiteach is bun leis an seó agus feictear an geaing ag teacht ar thaibhsí agus arrachtaí ar dhaoine i mbréagriocht iad i ndáiríre.
Cé dínn nár dhéan iarracht aithris a dhéanamh ar ghuth Scooby nó Shaggy? Bhí spraoi ag baint le scríobh, aisteoireacht is taifeadadh na sraithe seo agus tá gean ag lucht féachana TG4 uirthi. |
|
 |
| Avatar – An tAer-Lúbóir Deiridh |
I ndomhain atá faoi anáil na hÁise, ina bhfuil na healaíona comhraic is ionramháil dúile i réim, ríomhtar eachtraí chomharba na n-Avatar, Aang, is a chairde agus iad d'iarraidh an domhan a thabhairt slán ó Náisiún neamhthrócaireach na Tine.
Plotaí dea-shnoite, carachtair inchreidte, cáilíochtaí físiúla na scannán agus fuaimrian den scoth, tá gach eipeasóid den 60 sa tsraith seo dubáilte againn. |
|
 |
| Duck Dodgers |
Bunaithe ar an ngearrchartún Duck Dodgers in the 24½th Century, is iad Daffy Duck agus carachtair aithnidiúla eile ó phaintéón Looney Tunes - Porky Pig, Marvin the Martian, Yosemite Sam srl., aisteoirí na sraithe seo. Ó, agus ar luaigh mé go gcanann Tom Jones an t-amhrán sraithe?
An dúshlán a bhí romhainn agus sinn ag plé le carachtair bheochana seanbhunaithe i riocht úr lonnaithe i dtimpeallacht spásaoise ná a chinntiú go n-aistreodh 'S' gliscíneach Daffy, stadaireacht chainte Porky Pig agus sárghreann Looney Tunes go Gaeilge. Do dhéan. |
|
 |
| FADSCANNÁN rogha |
|
| |
|
| Looney Tunes: Back in Action |
Le Brendan Fraser sa phríomhpháirt, scannán beoghnímh is beochana in éineacht é seo a insíonn scéal DJ Drake, fear a fhaigheann amach trí sheans faoi chomhcheilg le seilbh a fháilt ar dhiamaint gorm mistéireach. Tagann cartún-chairde Drake, Bugs Bunny agus Daffy Duck, i gcabhair air.
Nascamar an taithí a fuaireamar ó bheith ag obair ar an tsraith chartúin Duck Dodgers, lena chliar de charachtair Looney Tunes, lenár saothar dubáil bheoghnímh eile chun leagan Gaeilge den scoth den scannán seo a léiriú. |
|
 |
| Scooby-Doo The Movie |
Bunaithe ar an
tsraith chartúin le Hanna-Barbera, is iad Matthew Lillard i bpáirt Shaggy, Sarah Michelle Gellar i bpáirt Daphne, Freddie Prinze Jr. i bpáirt Fred, Linda Cardellini i bpáirt Velma, Neil Fanning a dhéan guth Scooby-Doo (a cruthaíodh le íomháineachas ríomhghinte) agus Rowan Atkinson i bpáirt Emile Mondavarious príomhaisteoirí an scannáin seo.
Toisc gur léiríomar leagan Gaeilge den tsraith
chartúin Scooby-Doo bhí cliar againn, ach ó tharla gur de chineál éagsúil iad stíl na haisteoireachta agus cáilíocht na fuaime mar le beoghnímh de, d'oibríomar go dian le go mbeadh sé díreach i gceart don lucht féachana. |
|
 |
| Kangaroo Jack |
Agus é d'iachall orthu airgead cam a sheachadadh ar Mr Smith áirithe san Astráil, buaileann laochra an scannáin seo faoi changarú lena gcarr agus tar éis dó teacht chuige féin, preabann sé leis leis an airgead. Leanann an scannán a n-iarrachtaí an $50,000 a fháilt thar nais. Is iad Jerry O'Connell, Anthony Anderson agus Christopher Walken a dhéan na príomhpháirteanna.
B'é an dúshlán a bhain leis an scannán seo ná an cruinn-aistriúchán go Gaeilge ón script Bhéarla, an réim teanga ceart a aimsiú agus ionramháil a dhéanamh ar na línte sa tslí is go luíodh siad le na beola.
|
|
 |
| Scooby-Doo 2 - Monsters Unleashed |
D'fhill Daphne Blake, Fred Jones, Velma Dinkley, Shaggy Rogers agus Scooby-Doo sa scannán leantach seo de Scooby-Doo – The Movie. Ghlac Alicia Silverstone páirt Heather Jasper Howe.
Fuaireamar an deis tré bheith ag obair ar ár tarna fadscannán Scooby an méid a d'fhoghlaimíomar ón gcéad scannán a chur i bhfeidhm agus beachtú is mínghlanadh a dhéanamh ar ár saothar. |
|
 |
| The SpongeBob SquarePants Movie |
Bunaithe ar an tsraith teilifise SpongeBob SquarePants, leanann an scannán seo eachtraí SpongeBob agus Patrick agus iad ag tabhairt faoi thuras dáinséarach chuig Shell City le coróin goidte Rí Neptune a fháilt thar nais. Tá an t-amhrán iontach 'Táimid sna Fir' sa scannán seo chomh maith le David Hasselhoff!
Bhíomar ag tnúth go mór leis an scannán seo a dhéanamh agus nuair a tháinig sé chugainn bhí cúig seachtainí ó thús deireadh againn len é a léiriú is a sheachadadh. Thugamar faoin dúshlán sin le fonn.
|
|
 |
|
|
 |
|
 |
|
| 7 Sráid Lombaird Thoir, Baile Átha Cliath 2, Éire. | Tel: +353-1-670 3880 | Fax: +353-1-670 3881 | Email: info at macallateo dot com | |
|