| Léiriúcháin | Dubáil Chartún |
 

Oibrímid as lámha a chéile le RTÉ Young People’s chun ábhar spraíúil siamsúil, lán aicisin a sholáthair.

Seo rogha ó 2011 …

Show Off or Get Off– elev8 (RTÉ 2)
Léiríonn leanaí ó gach cearn den tír a gcuid tallann!

Swapsters– elev8 (RTÉ 2)
Caitheann duine óg lá i saol duine eile. Conas mar a éiríonn le buachaill i scoil lán de chailíní? An bhfuil taitneamh le baint as bheith i bhfeighil ar shiopa bréagán?

One Minute Wonders – elev8 (RTÉ 2)
Nochtaíonn ógánaigh a gcuid tuairimí ar gach rud beo!

The Road to Moneygall - (RTE1)

Fadscannán doiciméide faoi ghaol sínte le Barack Obama, Henry Healy, agus a chuid iarrachtaí chun uachtarán Mheiriceá a thabhairt chuig Muine Gall.

Scannánaithe le comhbhá agus tuiscint ag Ed Godsell thar tréimhse ceithre bliana nach mór, seo scéal faoi bhaile beag dearúdta i lár na tíre agus cuairteoir mór le rá ón Domhan Thiar.

Chraol RTÉ an clár seo in 2011.
On the Block - Road Trip (RTÉ)

Tar éis do gach dream clár a dhéanamh fútha féin, beartaíodh clubanna scannán Thoraí agus Shráid Buckingham a thabhairt le chéile féachaint cad a tharlódh.

Mar sin thóg na cailíní lárchathrach bus, eitleán, mionbhus agus bád chun deireadh seachtaine a chaitheamh le cailíní an oileáin.

Chraol RTÉ an clár seo Lá Nollag, 2010.

 

 

On the Block - The Series (RTÉ/BCI)

Ag teacht ón rath a bhí ar an gcéad On The Block, dhéan BCI agus RTÉ Macalla a choimisiúnú chun On the Block – The Series a léiriú, tionscnamh scannán bliana inar dhein ógánaigh ó Bhaile Adaim, Sráid Buckingham, Drom Átháin agus Oileán Thoraí scannáin faisnéise faoina saol.

Chraol RTÉ an tsraith seo in 2009.

Bhuaigh On the Block - Oileán Thoraí duais IFTA sa chatagóir 'Children's/Youth Programme' in 2010.

 

 

Gradam Ceoil (TG4)

Ó bunaíodh na gradaim i 1998 áirítear Gradam Ceoil TG4 mar phríomhscéim ghradaim agus aitheantais do cheoltóirí traidisiúnta na hÉireann.

Bhí Macalla ar bís nuair a coimisiúnaíodh sinn le teilifísiú an tsearmanais bhronnta i 2008 a léiriú. Tar éis dúinn an INEC i gCill Áirne a roghnú mar an láthair is oiriúnaí, bhailíomar an mheitheal oibre is fearr mar le stiúradh, dearadh, fuaim agus soilsiú de leis an seó 90' a léiriú.

B'onóir do Mhacalla gur ghlac Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa lenár gcuireadh chun Gradam Ceoil 2008 a sheoladh agus chun an Gradam Saoil a bhronnadh.

 

 

On the Block (RTÉ)

Trí thionscnamh ealaíona pobail, a bhunaigh lárionad cultúir na leanaí i mBÁC, The Ark, mhúin Katie Lincoln bunscileanna ceamara agus fuaime d'ógánaigh ó Fatima Mansions. Bhuail an club seo le chéile gach maidin Satharn.

Choimisiúnaigh RTÉ Macalla le clár teilifíse a léiriú ón amhábhar seo. Lean an clár sin roinnt de leanaí Fatima Mansions i mBÁC thar tréimhse hocht mí dhéag.

Gradaim Prix Jeunesse Ainmniúcháin Input
  Prix Danube   Peabody
  Féile na Meán Ceilteach    
The Unbearable

Is scannán é The Unbearable a fhreagraíonn an cheist faoi conas mar a chaitheann baitsiléirí bailithe Éireannacha a maireann lena máithreacha oícheanta fada an gheimhridh le cathaoir luascaigh agus ping pong.

Scríobh agus stiúraigh Ed Godsell an gearrscannán seo agus léirigh Jane Farley é do Mhacalla.

Bhuaigh The Unbearable an duais ”Déanta i gCorcaigh” ag Féile Scannán Chorcaí.

Aqua

Scríobhadh Aqua agus Éire ar tháirseach ré an Tíogair Cheiltigh. Scéal rabhaidh é seo faoi bheirt fhiontraithe atá chun fuaim aibhneacha na hÉireann a dhíol le Meiriceánaigh.

Scríobh Nina Fitzpatrick, nach maireann, an gearrscannán seo agus stiúraigh Edel O’Brien é.

Mhaoinigh Bord Scannán na hÉireann agus TG4 Aqua faoin scéim Oscailt.

| 7 Sráid Lombaird Thoir, Baile Átha Cliath 2, Éire. | Tel: +353-1-670 3880 | Fax: +353-1-670 3881 | Email: info at macallateo dot com |