Adventure Time

Sraith fantaisíochta is ea Adventure Time ina dhéanann cur síos ar shaol Finn an Buachaill agus Jake an Madra agus iad i mbun eachtraí i dtír Úúú. Téann an beirt acu ag troid le bithiúnaigh, ag sábháil banphrionsaí agus go leor eile. Craoladh don chéad uair é ar Cartoon Network i 2010, agus lean an sraith ar aghaidh ar feadh 8 mbliana ar an stáisiún, ag críochnú i 2018.

I measc an chliar sa leagan Ghaeilge, tá Fionn Foley (Finn); Niall McDonagh (Jake); Hilary Bowen-Walsh (an Banphrionsa Guma); Marcus Lamb (an t-Oighear Rí); Alice Ní Chátháin (Marceline, Banríon na Vampírí) agus Dean Reidy (an Banphrionsa Cnapach).

Le feiceáil gach Máirt ag 5.20in ar Cúla4 – ag tosú ar an 17ú Meán Fómhair!

Nuacht / News