C.L.U.B. 2

Clár spleodrach agus bríomhar is ea é C.L.U.B. mar gheall ar chlubanna CLG timpeall na tíre agus an craic ar fad atá ag baint leo.

Tá C.L.U.B á chur i láthair ag Cárthach Bán Breathnach. Gach seachtain bíonn sé ag tabhairt cuairte ar chlub CLG nua agus ag bualadh leis na himreoirí óga a imríonn leo. Beimid ag taisteal ó Ghaoth Dobhair go Corcaigh, agus ó Bhaile Átha Cliath go Conamara. Feicfidh muid imreoirí óga ó ar fud na tíre amuigh ar an bpáirc agus istigh sa stiúideo ag caint, ag cleachtadh scileanna, ag imirt cluichí sa stiúideo…. AGUS roimh dheireadh gach eagrán beidh deis ag ceann acu an cóitsealaí is déine ón gclub a chaitheamh isteach sa TANC TUMTHA!!! Díoltas ar deireadh as ucht na laps agus an traenáil breise sin ar fad!

Tá neart buaicphointí eile chomh maith.

· Ar gach eagrán beidh réalt CLG ag bualadh isteach chuig an stiúideo chun labhairt leis na himreoirí óga. Ina measc beidh Naoise Ó Baoill (Gaoth Dobhair), Sinéad Finneagan (Fine Ghallain & Baile Átha Cliath) agus Sean Andy Ó Ceallaigh (Naomh Anna & Gaillimh)

· Beidh an laoch Mícheál Ó Muircheartaigh linn gach seachtain mar aoi-láithreoir le fírící dochreidte faoi na clubanna ar fad.

· SCIL NA SEACHTAINE. Gach seachtain gheobhaidh na himreoirí sa stiúideo & sa bhaile nodanna agus comhairle dochreidte ó réalta CLUB, Na réalta ná – Laoch Peile Chorcaí Valerie Mulcahy, Réalt Éire Óg & Ceatharlach Eoghan Ruth, Captaen ar fhoireann Camogaíochta Bhaile Átha Cliath Róisín Baker agus réalt iomána Tiobráid Árainn Séamus Kennedy.

C.L.U.B. ag teacht go Cúla4 i bhFómhar 2019!

An exciting and fun show about GAA Clubs all over the country and the craic that everyone has playing with them.

C.L.U.B is presented by Cárthach Bán Breathnach. Each week he travels to a different GAA club around the county to meet the young players from the club. We are going all over the country from Gaoth Dobhair to Cork and Dublin to Conamara. On every show we’ll see young players out on the pitch and in the studio chatting, practicing new skills, playing games in the studio… AND at the end of every episode one lucky player will get the opportunity to dump the toughest coach from the club into the DUNK TANK!! Finally revenge for all those extra laps at training!!!

Other highlights on the show include:

· A GAA star from the club will be coming to the studio to chat with the young players each week. Guests on the series include: Naoise Ó Baoill (Gaoth Dobhair), Sinéad Finneagan (Fingallians & Dublin), Seán Andy Ó Ceallaigh (Naomh Anna & Galway)

· Legend Mícheál Ó Muircheartaigh will join us in the studio every week as our guest presenter with incredible facts & folklore about the clubs.

· SCIL NA SEACHTAINE – Every week we will get tips & advice on different skills from our CLUB Stars. The club stars are – Cork Footballing Legend Valerie Mulcahy, Éire Óg & Carlow Star Eoghan Ruth, Dublin Camogie Captain Róisín Baker and Tipperary hurling star & All-Ireland winner Séamus Kennedy.

Coming to Cúla4 this Autumn!