C.L.U.B.

Sraith nua faoin CLG, ag buaileadh le imreoirí agus clubanna ó gach cearn den tír.

Le láithreoirí Máire Ní Bhraonáin, iar-imreoir peile na Gaillimhe, agus Diarmuid Lyng, iar-imreoir iomána Loch Garman, tá CLUB lán le spraoi, craic agus scil!

Casann imreoirí óga le himreoirí aitheanta óna gclubanna nó a gcontae féin, chun iad a chur faoi agallamh agus scileanna speisialta a fhoghlaim uathu freisin. I measc na laochra spóirt atá ar an gclár, tá Ciarán Kilkenny, imreoir peile le Bhaile Átha Cliath, as Caisleán Cnucha, Rena Buckley, sár-imreoir camógaíochta agus peile as Corcaigh, agus Ciana Ní Churraoin, imreoir liathróid láimhe le chumann Mícheál Breathnach, i gConamara.

Ina theannta sin, múineann Mícheál Ó Muirceartaigh dúinne faoi na gclubanna agus contaetha, le Firicí Mhíchíl, agus faigheann na himreoirí óga deis Ball na Dúshláine a imirt!

Is féidir breathnú ar an sraith ar fad ar Cúla4.com anseo.