Is cainéal YouTube é Tiúibíní, atá dírithe ar pháistí beag agus mór!
Is siamsaíocht atá ann agus tárlaíonn gach rud trí Ghaeilge. Amantaí bíonn muid ag spraoi le bréagáin nó ag plé LEGO le Sharkman. Amantaí eile, bíonn muid ag leanúint Ceathrar Páiste, An Cúpla agus Mac Dara & Tadhg agus iad sa bhaile ag bácáil, amuigh ag spraoi, ag iarraidh síóga a mhealladh, ag fáil bearradh gruaige, srl.
Uaslódálann muid físeáin nua go rialta. Tá cainéal Tiúibíní cruthaithe ag Macalla Teoranta, le tacaíocht ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta).
Má tá suim ag do pháiste páirt a ghlacadh sa spraoi, is féidir r-phost a sheoladh chuigainn ag tiuibini@gmail.com
Is féidir Tiúibíní a leanúint ag youtube.com/tiuibini.